Get the app!

The Culture Night App is now available
on App Store and Google Play!

CULTURE NIGHT

FRI 16 SEP 2016

Co. Chorcaí: Blaiseadh den ealaíon áitiúil


  • Time: 5.00pm - 11.00pm
  • Genre: Audio Visual, Film, Irish Language, Music, Storytelling
  • Tel: 083 1915432
  • Web: www.facebook.com/ccfmteo
  • Address: Ionaid éagsúla i gceantar Mhúscraí - Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Baile Bhuirne
Facilities:
G

Beidh ardán á thabhairt do mheascán den ealaíon áitiúil i gceantar Mhúscraí mar chuid d’imeachtaí na hOíche Chultúir m.sh. seisiúin ceoil agus amhránaíochta, traidisiún béil na n-agallamh beirte agus lúibíní. Léiriú cartúin in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne maraon le péinteál aghaidhe do dhaoine óga.

A Presentation of local cultural activities throughout the Múscraí Gaeltacht area. Screening of cartoons and face-painting for younger audiences in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne.

Tráthnóna Siamsaíochta do Pháistí:  Tráthnóna siamsaíochta do pháistí ach go háirithe áit ina mbeidh péinteáil aghaidhe, ceol le ceoltóirí óga an cheantair agus cartúin Ghaeilge á dtaispeáint ar an scáileán ór san amharclann. Fad atá na páistí ag baint sult as an siamsaíocht beidh deis ag na daoine fásta súil a chaitheamh ar an taispeántas is déanaí ar crochadh san Ionad Cultúrtha, mar aon leis an múrmhaisiú nua-athchóirithe ag léiriú saol Naomh Gobnait sa cheantar in airde go hard ar fhalla an láthair taispeána agus múrmhaisiú iomlán nua Seán Ó Riordain ar fhalla cúil an fhoirgnimh.

Láthair: Ionad Cultúrta an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne

Am: 5:00-7:00in

Seisiún Ceoil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh: Seisiún ceoil bríomhar in Ard na Laoi le ceoltóirí agus amhránaithe an cheantair áitiúil, le cur i láthair speisialta ar an oíche le Buíon Phíobairí Béal Átha'n Ghaorthaidh.

Láthair: Ard na Laoi, Béal Átha'n Ghaorthaidh

Am: 8:00in
Seisiún Ceoil le Craobh Lactaín Naofa:  Seisiún ceoil bríomhar i dTigh Uí Mhurchú le baill óga agus aosta de chraobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireannn, Craobh Lachtaín Naofa. Beidh seisiún na n-óg ar siúl óna 7:30in agus leanfar ar aghaidh ina dhiaidh sin leis an seisiún sinsear óna 9:30in

Láthair: Tigh Uí Mhurchú, Cill na Martra

Am: Seisiún na nÓg 7:30-9:30in / Seisiún Sinsear 7:30-9:30in

Address: Ionaid éagsúla i gceantar Mhúscraí - Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Baile Bhuirne